Qch très suimiúil organisée ag an Bruach Thoir ici - fête de soláistí francaises, i bhFraincís et Irlandais! 29ú Septfómhair. https://www.eventbrite.com/e/gout-de-franc-blaiseadh-de-patisserie-francaise-tickets-694136279297
Idée iontach!
#gaillimh #gaeilge #francais #irish #french
#gaillimh #gaeilge #francais #irish #french
Liosta de na himeachtaí trí #Gaeilge in #Gaillimh a bhfuil eolas agam fúthu (mar go ndéanaim dearmad ar imeachtaí suimiúla gan é) ag feilire.com. Suas chun dáta anois le himeachtaí Seachtain na hOidhreachta san áireamh. Fáilte i gcónaí roimh eolas faoi imeachtaí eile go feilire.gaillimh[@]gmail.com
#galway #irish
#gaeilge #gaillimh #galway #irish
Tá comhainmneacha i bhfad níos coitianta i mBéarla, ach táim cinnte gur féidir roinnt a aimsiú i #Gaeilge freisin. (Bheadh sé níos fearr más ainmfhocal ar a laghad ceann amháin de na bríonna; "oráiste" níos oiriúnaí ná "gearr" (nó géar), m.sh.). Fáilte roimh mholtaí!
(Mura bhfuil Codenames imeartha agaibh, (a) cur síos deas ar na rialacha: https://www.youtube.com/watch?v=zQVHkl8oQEU, (b) Smokey's i NUIG #gaillimh dé Chéadaoin seo (9ú) ó 18:30 chun an leagan pictiúir Codenames a imirt trí Ghaeilge linn.) 2/2
Chun lucht na Rásaí a sheachaint, roghnaigh muid an suíomh don tseachtain seo gan cabhair na gcártaí - beidh ciorcal comhrá "Cabairí na gCártaí" ag buaileadh le chéile in Óstán Ward's (Bóthar na Trá Íochtarach) ó 19:30 anocht. Sa ghairdín, lcd. Fáilte romhaibh! #gaeilge #gaillimh
Tráthnóna cluichí trí #gaeilge in #gaillimh.
"Codenames" i Smokey's i NUIG, 9ú Lúnasa ó 18:30.
4-20 imreoirí, so ní bheidh fadhb ó thaobh uimhreacha de.
Ní theastaíonn stór mór focail - níl i gceist ach cur síos ar phictiúirí.
Fáilte roimh chách. Beidh muid ag baint triail as cluichí eile amach anseo má tá mholtaí agaibh. Is féidir Codenames a imirt ar líne freisin - eagróimid é sin am éigin freisin.
Mura bhfuil "Codenames" imeartha agat cheana, tá ghrianghraf agus rialacha gharbh faoi iamh.
Ar intinn againn tráthnóna cluichí trí #Gaeilge in #gaillimh a eagrú. Tosóimid le "Codenames" sa chaifé Smokey's i NUIG ar an 9ú Lúnasa (Céadaoin) ó 18:30. Teastaíonn ceathrar, ach tá sé imeartha agam le 20 duine, so ní bheidh fadhb ó thaobh uimhreacha de.
Ní theastaíonn stór mór focail - níl i gceist i bhfírinne ach cur síos ar a bhfeictear i bpictiúirí.
Mura bhfuil "Codenames" imeartha agat cheana, seo thíos cur síos an-gharbh air (súil agam go mbeidh an ghrianghraf faoi iamh cabhrach):
#gaeilge #gaillimh @gaeilge feilire.com
Ciorcail Comhrá srl. sa "chathair" le gairid:
31ú Bealtaine CC i gClub Foirne NUIG ó 10:00-11:00
31ú CC san Harbour Hotel ó 19:00-18:00
1ú Meitheamh - PopUp Gaeltacht i McGinn's ó 18:30
6ú CC i Lonergan's ó 19:30
7ú CC i Tigh Mhaidhc Pháidín, Mionlach ó 20:00
10ú Siúlóid agus Picnic i gCoillte Cill Ráine, Maigh Cuilinn ó 12:00
17ú Park Run i bPáirc na Cúile ó 9:30-11:30
21ú Club leabhar (Gluaiseacht le Alan Titley) i Charlie Byrne's ó 18:00
9ú
Ciorcal: Comhrá na Cathrach i Seven ó 19:30
10ú
Ciorcal comhrá, Staff Club i NUIG ó 10:00
Oscailt Oifigiúil Thigh Mhaidhc Pháidín, Mionlach ó 18:45
Ciorcal: Aon Scéal, Harbour Hotel ó 19:00
Oíche Airneáin an Bhruaigh Thoir, Tigh Mhaidhc Pháidín ó 20:00
12ú
Cruinniú ClubLeabhar Chois Fharraige le údar, beachaire, ceoltóirí i dTigh Mholly
Oíche shóisialta Comhdháil Phleanála Teanga, Áras na nGael ó 19:30
13ú
Lá na Rothar, Scoil Bhríde, Mionlach ó 11:00
@gaeilge #gaillimh #gaeilge feilire.com
Imeachtaí #Gaeilge ar siúl sa chathair le gairid:
Inniu:
Ciorcal comhrá d'fhoireann NUIG ó 10 ar maidin sa Staff Club.
Clubleabhar i Charlie Byrne's ag 18:00, ag plé "I gCóngar i gCéin" le Pádraig Standún (Molaim é má theastaíonn Mills&Boon trí Ghaeilge uait).
Ciorcal comhrá "Aon Scéal" sa Taibhdhearc ag 19:00.
Dé Sathairn:
Siúlóid timpeall na cathrach, leis an gClubleabhar Chois Fharraige, ag leanúint eachtraí sa leabhar "Lig Sinn i gCathú".
🌟 OUT NOW! 🌟 Hardiman & Beyond, The Arts & Culture of Galway Since 1820.
Visit link in bio (or below) ⬇️ ardenpublishing.sumupstore.com
📖 39 full-colour chapters comprehensively explore Galway's history, people, landmarks, festivals, galleries & culture. Thank you to all our contributors, and everyone involved along the way. GRMMA 💛 #Galway #Gaillimh #HardimansGalway #ThisIsGalway #IrishHistory #HiddenGalway #GalwayHistory #WildAtlanticWay #Connacht
#galway #gaillimh #HardimansGalway #thisisgalway #irishhistory #hiddengalway #galwayhistory #WildAtlanticWay #Connacht
Réamhaisnéis na haimsire maith go leor don siúlóid um tráthnóna, buíochas le Dia, théis an aimsir lofa a bhí againn le déanaí.. Feicfimid ann sibh ag meán lae! #gaeilge #gaillimh #galway #irish
@gaeilge
Decent forecast for the stroll in Irish around Galway this afternoon, thank god, after the rotten weather we've had recently. See ye at the fountain in Eyre Square at noon!
#gaeilge #gaillimh #galway #irish
Toisc go bhfuil an fearann agus an suíomh ceannaithe don bhliain agus curtha le chéile agam, tá sé ar intinn agam leanacht ar aghaidh le liosta imeachtaí trí #gaeilge a choinneáil ar www.feilire.com cé go bhfuil #SnaG23 thart anois. Má tá éinne ag iarraidh go gcruthóinn leathanach ar an suíomh le haghaidh contae/ceantar eile seachas #gaillimh a mbeadh siadsan sásta riaracháin a dhéanamh air, seol teachtaireacht chugam! #irish
#gaeilge #snag23 #gaillimh #irish
Ag tnúth go mór leis an siúlóid seo. Tá súil agam go mbeidh an aimsir go deas, agus tá súil agam go bhfeicfidh mé ann sibh. Meanlae ag an scairdeán san Fhaiche Mhór.
#gaillimh #galway #gaeilge #irish
Looking forward to this stroll around Galway through Irish, and hopefully will see ye there. Hopefully the weather will hold. This Saturday (25th). Meeting at noon at the fountain in Eyre Square.
#gaillimh #galway #gaeilge #irish
✨ HARDIMAN & BEYOND, The Arts & Culture of Galway Since 1820 ✨ Editors: John Cunningham & Ciaran McDonagh | Publisher: Arden | Due for general release in April 2023.
#Galway #Gaillimh #HardimansGalway #ThisIsGalway #IrishHistory #Mastodaoine
#galway #gaillimh #HardimansGalway #thisisgalway #irishhistory #mastodaoine
Bhí deacrachtaí agam liosta de na himeachtaí ar siúl i #gaillimh i rith #SeachtainNaGaeilge a aimsiú, só bhailigh mé liosta imeachtaí trí #gaeilge anseo: www.feilire.com
I had difficulty finding a list of #SnaG23 events in #galway so I collected a list of events through #irish here: feilire.com
(Foclóir : féilire = calendar)
Fáilte roimh boosts - nó moltaí faoi suíomh a bhfuil an t-eolas an cheana!
Boosts welcome - or recommendations for sites where said info is already available!
#gaillimh #SeachtainNaGaeilge #gaeilge #snag23 #galway #irish