Níl leabhar léite agam in aon lá amháin le tamall fada, ach b'shin a rinne mé le "Gluaiseacht" le Alan Titley. Scríbhneoireacht deas, scéal eachtrach a ghluaiseann ar aghaidh go tapa, príomhcharactar gur caithfear a bheith taobh thiar dó. Molaim. #leabhar #gaeilge #alantitley
Beidh an leabhar á phlé sa chlub leabhar i Charlie Byrne's ar an 21ú Meitheamh ag 18:00.
Club #leabhar #gaeilge na #Gaillimhe i Charlie Byrne's ag 6 inniu (15ú Feabhra). Is é "Aisling nó Iníon A" le Éilís Ní Dhuibhne an leabhar a bheidh á phlé againn. Ní gá go mbeadh sé léite agat, ach seans go gcabhródh sé!
Ciorcal #comhrá dá ndiaidh i McSwiggan's ag ~7, mura bhfuil sé plódaithe le lucht Seachtain na nGiobal...
Dá ndiaidh, seans maith go bhfreastalóidh muid ar an seisiún #trad sa Western Hotel ag a 9.
#Fáilte roimh chách.
#leabhar #gaeilge #Gaillimhe #comhra #trad #Failte
The article by Patricia Scanlan about Deirdre Purcell reminds me that one of the books that Deirdre Purcell wrote for the Open Door Series of adult literacy novellas edited by Scanlan was translated into Irish - “Tá Jesus agus Billy ag Imeacht go Barcelona” (ISBN: 9781905494669)
https://www.newisland.ie/open-door/clasf8la8x0pytmywunh59m9mv2r4o
#leabhar #leabhair #leabhrafeabhra #gaeilge
Leabhra Feabhra 2023
Lascaine 15% ar gach leabhar do mhí Feabhra!
#leabhrafeabhra #leabhar #leabhair #gaeilge
Tá leabharlann ar fáil ar archive.org, agus tá 822 leabhar Gaeilge ar fáil faoi láthair, sean agus nua. Tá ort cuntas a dhéanamh chun na leabhair a léamh ar líne.
https://archive.org/details/inlibrary?&and[]=languageSorter%3A%22Irish%22
#leabhar #leabhair #leabhrafeabhra #gaeilge
Táim díreach tar éis "Na Mairbh a d'Fhill" a chríochnaigh.
Ar fheabhas ar fad. Tá sé beagán seanfhaiseanta ar ndóigh, ach sin chuid dá mealltachta.
Tá cóip do "An tEitleán Dofheicthe" agam freisin, in áit éigin, ach níl a fhios agam cá bhfuil sé go díreach. Tá súil agam go mbeidh mé in ann é a aimsiú go luath!
#Leabhar #Leabhair #LeabhairGaeilge #LeabhraFeabhra #Gaeilge @gaeilge
#leabhar #leabhair #LeabhairGaeilge #leabhrafeabhra #gaeilge
Tá roinnt leabhar ar fáil mar PDF ó Foras na Gaeilge agus CCEA.
https://mastodon.ie/@Sliotar/109309622752353879
https://mastodon.ie/@Sliotar/109400170438364641
https://mastodon.ie/@Sliotar/109791793504500903
Seo ceann eile - https://uk.ccea.org.uk/learning-resources/gasur-chaith-pitseamai-striocacha
Ní r-leabhar iad i ndáiríre, mar ní féidir leat an cló a athrú agus mar sin, ach is féidir iad a léamh ar tháibléad.
#gaeilge #leabhar #leabhrafeabhra
#leabhar den scoth é "Madame Lazare" le Tadhg Mac Dhonnagáin. Ceann de na scéalta is fearr a bhfuil léite agam le fada. Cinnte go ndéanfar aistriúchán air sár i bhfad, ach níl an #Gaeilge ró-chasta ann ar aon cor, cé go bhfuil an scríbhneoireacht ana dheas.
Cineál mistéir atá ann, a cheanglaíonn trí chuid de shaol Madame Lazare le chéile, ag déanamh tagairt don bhéaloideas ar na hoileáin, an dara cogadh domhanda agus an nGiúdachas, agus imeacht na haimsire, agus a dtionchair uirthi. Molaim.
Díreach tar éis "An Garda Cósta" le Máire Uí Dhufaigh a chríochnú. Molfainn é - chuir sé i gcuimhne dom na scéalta "Famous Five" le Blyton, ach le téamaí grá agus diamhair ina mheasc, & ar ndóigh, lonnaithe in iarthar na hÉireann.
Is é an chéad #leabhar eile a bheidh á phlé againn ag an gclubleabhar #gaeilge i n #gaillimh théis na Nollaig. Gearr, éasca le léamh, le scéal ina tharlaíonn rudaí (neamhchosúil le roinnt scéalta le déanaí), is leabhar foirfe é le tíocht isteach ar an gclubleabhar.
Cúpla seachtain ó shin, d'fhoilsigh mé nasc le "Capall Cogaidh" ar shuíomh an CCEA (https://uk.ccea.org.uk/learning-resources/capall-cogaidh)
Inniu, leabhar do páistí (Rang 3) ar shuíomh Foras na Gaeilge - "An Múinteoir Nua"
https://www.forasnagaeilge.ie/wp-content/uploads/2020/04/a355f55107c4cf285792d3e1fae70a24-1.pdf
Is féidir an leabhar a chloisteáil ar SoundCloud freisin:
Gaeilge na Mumhan - https://soundcloud.com/forasnagaeilge/an-muinteoir-nua
Gaeilge Chonnacht - https://soundcloud.com/forasnagaeilge/an-muinteoir-nua-1
Gaeilge Uladh - https://soundcloud.com/forasnagaeilge/track-1-2
Seoladh #leabhar breá ar amhránaíocht ar an sean nós ar ball in Institiúid de Móra ag Ollscoil na Gaillimhe. Comhghairdeas mór leis na heagarthóirí Philip Fogarty, Tiber Falzett agus Lillis Ó Laoire agus leis na húdair uile! Bhí amhráin againn freisin ó Dhomhnall Ó Braonáin, buaiteoir Chorn Cuimhneacháin Chiaráin Uí Chon Ceanainn ag #onas. Tá an leabhar ar fáil ó CIC ag: https://cic.ie/shop/leabhair/dha-leagan-deag-leargas-nua-ar-an-sean-nos/
#gaeilge