Is mise Liam agus is as Conamara dom. Tá cónaí orm le tamall de bhlianta i mbaile mór na Gaillimhe agus oibrím mar Ollamh Cúnta le Gaeilge agus an Léann Ceilteach ag Ollscoil na Gaillimhe.
Bím ag teagasc agus i mbun taighde ar ainmneacha, ar shloinnte, agus ar logainmneacha na hÉireann agus mar sin, bígí ag súil le gíoganna uaim ar na hábhair sin nó eile de ghrianghraif fhánacha as iarthar na tíre.
Deas bualadh libh!
#introduction #introductions #gaeilge #ainm #sloinne #logainm